Brighid na nAmhrán
Brighid-na-nAmhran.pdf
Brighid-na-nAmhran.fb2
Brighid na nAmhrán
(©) Pádraic Mac Piarais (1900)
Бриджит
(©) Sirotenko Olga Pavlovna (2013)
Dob í Brighid na nAmhrán an t-amhránaí ba mhó clú dá raibh i Ros na gCaorach ní hamháin le mo linn-se ach le linn m'athar. Deirtí go meallfadh sí an chéirseach den chraoibh le binneas an cheoil do gheall Dia dhi.
Agus do chreidfinn féin go meallfadh, mar is minic a mheall sí mise agus malraigh nach mé ónár ndinnéar nó ónár suipéar. Do bheinn i mo fhear shaibhir inniu dá mbeadh scilling agam in aghaidh gach uaire do sheasas taobh amuigh dá doras, ar mo bhealach abhaile ón scoil dom, ag éisteacht lena cuid amhrán, agus dúirt m'athair liom gur mion minic do rinne sé féin an cleas céanna nuair a bhí seisean ina stócach ag dul ar scoil.
Do bhí sé mar bhéaloideas i measc na ndaoine gurb ón Reachtúrach féin d'fhoghlaim Brighid Contae Mhuigheo. Agus nach le Contae Mhuigheo do bhain sí na deora móra as súilibh Sheáin Mhic Éil tráth a raibh sé ar cuairt anseo, bliain go díreach sul má rugadh mise?
Ní nach ionadh, nuair a chualamar go raibh Feis le bheith i Muigh Chaorthainn, do shocraíomar go léir inár n-intinn gurb ag Brighid a bheadh an duais ar an amhránaíocht, dá ngabhaidh sí ann.
Ní raibh aon duine eile, d'amhránaí fir ná d'amhránaí mná, leath chomh maith léi siúd sna seacht bparáistibh. Níorbh fhéidir go mbuailfí í, dá mbeadh ceart le fáil.
Chuirfeadh sí ionadh ar mhuintir Mhuighe Chaorthainn agus ar na daoinibh uaisle a bheadh ann as Gaillimh agus as Tuaim. Thuillfeadh sí clú agus cáil do Ros na gCaorach. Bhéarfadh sí an duais go réidh agus cuirfí go Baile Átha Cliath í le amhrán do ghabháil ag an Oireachtas.
Bhí sórt leisce ar Bhrighid ar dtús. Bhí sí ró-shean, adúirt sí. Ní raibh a guth chomh maith is a bhíodh. Ní raibh a hanál aici. Bhí cuid de na hamhránaibh ag imeacht as a cuimhne. Níor theastaigh duais uaithi. Nach raibh a fhios ag fearaibh Fáil gurbh í an t-amhránaí dob fhearr in Iar-Chonnachtaibh í? Nár mhol an Reachtúrach í, nach ndearna Colm a Bhailís amhrán ina honóir? Nár bhain sí deora as súilibh Sheáin Mhic Éil?
Dúirt Brighid an méid sin agus a seacht n-oirid eile; ach ba léir san am chéanna go raibh fonn uirthi dul chun na Feise, agus bhí a fhios againn uile go ngabhfadh.
Le scéal gairid do dhéanamh dhe, bhíomar léi nó gur bhaineamar gealladh aisti go rachadh sí ann.
Do chuaigh. Is maith is cuimhneach liom lá na Feise. Bhí an saol Fódhlach ann, cheapfá. Bhí an teach ag cur thar maoil le daoinibh bochta is le daoinibh saibhre, le daoinibh uaisle is le daoinibh ísle, le hógánachaibh luatha láidre is le seanóiríbh críona caite. Bhí sagairt is bráithre ann ó gach ceard. Bhí dochtúirí is dlíodóirí ann ó Thuaim is ó Ghaillimh is ó Uachtar Árd. Bhí lucht páipéar nuachta ann ó Bhaile Átha Cliath. Bhí mac tiarna ann ó Shasana.
Chuaigh a lán daoine suas ag rá amhrán. Chuaigh Brighid suas. Bhíomar-ne ar chúl an tí ag éisteacht léi. Thosnaigh sí uirthi. Bhí beagán cúthalachta uirthi ar dtús, agus bhí an guth ró-íseal aici. Ach tháinig sí chuici féin i leaba a chéile de réir mar do bhí sí ag bogadh amach san amhrán, agus bhain sí deora as súilibh an chomhluadair leis an gceathrúin deiridh.
Chuireadar go léir na gártha asta nuair a bí críochnaithe aici agus í ag teacht anuas.
Chuireamar-ne liú asainn do shílfeá a phléascfadh díon an tí.
Chuaigh girseach óg suas. Bhí an guth i bhfad níb fhearr aici ná mar a bhí ag Brighid, ach, dar linne, ní raibh an t-uaigneas ná an binneas céanna san amhrán a bhí in amhrán Brighde.
Tháinig sí anuas. Chuir na daoine na gártha astu arís, ach ní thug mé fá deara go raibh éinne ag gol.
D'éirigh duine de na breithiúnaibh ina sheasamh. Mhol sé Brighid go mór. Mhol sé an ghirseach óg go mór, freisin. Bhí sé an-fhadálach.
‘Cé acu a ghnóthaigh an duais?’ arsa duine againne sa deireadh, nuair a bhí ár gcuid foighde caite.
‘Ó, an duais!’ ar seisean. ‘Sea, i dtaoibh na duaise, táimid ghá tabhairt do Nóra Ní Chaiside (an cailín óg), ach táimid ag moladh duais speisialta a thabhairt do Bhrighid Ní Mhainnín (Brighid s'againne). Cuirfear Nóra Ní Chaiside go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas.’
Chuir muintir Mhuighe Caorthainn liú asta, mar b'as Muigh Chaorthainn Nóra Ní Chaiside. Ní dúramar-ne faic. Bhreathnaíos anonn ar Bhrighid. Bhí a héadan bán-liath, í ar creathadh ina ballaibh.
‘Céard dúirt tú, a dhuine uasail, led thoil?’ ar sise de ghlór aisteach. ‘An agam-sa atá an duais?’
‘Táimid ag moladh duais speisialta a thabhairt duit, a bhean chóir, mar chruthaigh tú go rí-mhaith, chruthaigh sin, ach is do Nóra Ní Chaiside atá duais na Feise molta.’
Níor labhair Brighid focal, ach is amhlaidh d'éirigh sí ina seasamh agus, gan breathnú thairrsti do thaoibh na láimhe deise ná do thaoibh na láimhe clé, thug an doras amach uirthi féin. Bhuail sí an bóthar go Ros na gCaorach, agus bhí sí romhainn nuair a shroicheamar an baile go deireannach san oíche.
Do bhí an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath an tseachtain dar gcionn. Ba bhrónach an dream sinn ar cuimhniú dhúinn nach mbeadh Brighid na nAmhrán ann. Bhíomar lán-chinnte nach bhfuair sí cothrom na Féinne i Muigh Chaorthainn, agus cheapamar dá ngabhadh sí go Baile Átha Cliath go bhfaigheadh sí sásamh agus cúiteamh.
Ach fairíor, ní raibh aon airgead againn lena cur ann, agus dá mbeadh féin bhí a fhios againn nach nglacfadh sí uainn é.
Do bhíomar ag cur na ceiste trí chéile tráthnóna amháin ag binn tí an Bhádóra, nuair dob sho chugainn Máirtín beag Ó Conghaile ar lán-rith, agus dúirt linn go raibh Brighid na nAmhrán imithe, an glas ar a doras, agus gan tásc ná tuairisc uirthi le fáil.
Ní raibh a fhios againn céard d'éirigh dhi go ceann coicíse ina dhiaidh sin. Seo mar tharla.
Nuair a chuala sí go raibh an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath ar a leithéid seo de lá, dúirt sí léi féin go mbeadh sí ann dá maireadh sí. Níor lig sí tada uirthi, ach d'imigh léi de shiúl oíche, ag coisíocht. Ní raibh ach cúpla scilling aici ina póca. Ní raibh a fhios aici cá raibh Baile Átha Cliath ná cá fhaid uaithi é.
Do lean sí uirthi, is cosúil, ag iarraidh eolais ar bhóthair ar na daoinibh a casadh di, ag coisíocht i gcónaí, nó gur fhág sí ina diaidh an Chois Locha, agus an Spidéal, agus Gaillimh, agus an tÓrán Mór, agus Baile Átha an Rí, agus Béal Átha na Slua, agus Béal Átha Luain, agus an Muileann Cearr, agus Magh Nuadhad, nó sa deireadh go bhfaca sí uaithi tithe Baile Átha Cliath.
Is cosúil go raibh a cuid airgid caite i bhfad roimhe sin, agus ní bheidh a fhios ag deoraí go deo cé an chaoi ar mhair an créatúir ar an aistear fada fíor-uaigneach sin.
Ach tráthnóna amháin nuair a bhí an tOireachtas ar lán-tsiúl sa halla mór i mBaile Átha Cliath, do chonacthas bean tuatha ag teacht isteach an doras, a cosa gearrtha gortaithe ag clochaibh crua an bhealaigh, a cuid éadaigh breactha le deannach is le smúr an bhóthair, agus í tugtha traochta sáraithe.
Do shuigh sí fúithi. Bhí daoine ag amhránaíocht ar an sean-nós. Do glaodh ar Bhrighid Ní Mhainnín ó Ros na gCaorach (mar bhí a hainm curtha isteach againne ar shúil go bhféadfaimis a cur ann). D'éirigh an tsean-bhean, do chuaigh suas, agus do thosnaigh ar Contae Mhuigheo.
Nuair a chríochnaigh sí, bhí an teach in aon rí-rá amháin le gárthaibh, bhí an t-amhrán chomh breá sin. Dúradh léi ceann eile do rá. Do thosnaigh sí ar Sal Óg Rua. Ní raibh ach an dara ceathrúin ráite aici nuair tháinig meadhrán éigin ina ceann. Do stad sí agus thosnaigh uirthi arís. Tháinig an meadhrán uirthi arís, tháinig creathadh uirthi, agus thit sí i lagar ar an ardán. Tugadh amach as an halla í. Tháinig dochtúir ag breathnú uirthi.
‘Tá sí seo ag fáil bháis den ocras agus den chruatan,’ ar seisean.
Lena linn sin go díreach do cluineadh gártha móra istigh sa halla. Tháinig duine de na breithiúnaibh amach go deifreach.
‘Tá an chéad duais gnóthaithe agat!’ ar seisean. ‘Rinne tú go ——’ do stad sé go hobann.
Do bhí sagart ar a ghlúnaibh ag cromadh os cionn Brighde. D'ardaigh sé a lámh agus thug sé an absolóid.
‘Tá luach saothair níos fearr ná an chéad duais gnóthaithe aici,’ ar seisean.